Thursday, August 25, 2011

Na Manaigh san Alsáis & sa Lorráin



Tá an Triúr Manach líofa i dteangacha áitiúla na hAlsáise agus na Lorráine anois, a bhuí le Pascal Curin agus a chuid cairde. Is teangacha/canúintí Gearmánacha an chéad dá cheann, agus teanga/canúint Fhrancach an tríú ceann. Is dócha gur canúintí iad, ó nach bhfuil arm ná cabhlach acu, mar a dúirt Max Weinreich:

.אַ שפּראַך איז אַ דיאַלעקט מיט אַן אַרמיי און פֿלאָט
A shprakh iz a dialekt mit an armey un flot.




Maidir leis an triúr manach sa ghreanadh adhmaid thuas, is é Jost Amman a chum iad don leabharEygentliche Beschreibung Aller Stände auff Erden a scríobh Hans Sachs agus a foilsíodh sa bhliain 1568. Seo é an téacs, a deir go raibh na manaigh i bhfad níos diaganta fadó (.i. roimh 1568!). Nach mar sin a bhíonn sé i gcónaí? B'fhéidir gur mhaith le hAonghus nó le Fergus Gaeilge a chur ar na línte seo.

Wir Münich vor uralten jarn,
Einsidel und Waldbrüder warn,
Lagen in andechting Gebett,
Mit fasten, wachen, frü und spet,
Hofften dardurch selig zu werdn,
Doch lebn wir jetzt anderß auff Erdn,
Mancherley Orden, Rott und Sect,
Da nicht viel Geistes innen steckt.

No comments:

Post a Comment

Tríar Manach