Thursday, July 7, 2011

triple deities


Genii Cucullati
íomhá ón mBreatain Rómhánach


Triúr Jizō
íomhá ón tSeapáin

Is maith liom chomh cosúil agus atá an dá íomhá seo, a tháinig ó dhá cheann mhórchríoch na hEoráise. Scríobh mé cúpla focal ar na Genii Cucullati roimhe seo. Fuarthas an chéad íomhá thuas in Housesteads, Northumberland, in aice le Múr Hadrian. Scrín tí a bhí ann, de réir dealraimh.

Tá a lán daoine sa tSeapáin an-cheanúil ar an mBodhisattva Jizō. Tá íomhánna de le feiceáil ar fud na tíre. Uaireanta taispeántar mar thriúr é. Is cosúil go raibh an smaoineamh céanna le fáil ó cheann ceann na hEoráise: tá cumhacht ar leith ag baint leis an uimhir trí. Tá dia triarach i bhfad níos fearr ná dia aonair!

Wednesday, July 6, 2011

“Thou shalt not ...”


Cliceáil le méadú.

#1 - Ni nais étach for nach nocht.

#2 - Is doiligh olann a bhaint de ghabhar.

#3 - Sa Ghréig freisin?

Tá an chéad mhanach ag léamh ón tráchtas breithiúnach “Córus Béscnai” (Corpus Iuris Hibernici 215.2). Tá aistriúchán den nath seo in Ancient Laws of Ireland a thaitníonn liom:Thou shalt not bind a naked person to pay in clothes.

Sunday, July 3, 2011

It was time to give them a hand.



- Tá lámha againn anois. [We have hands now.]

- Tig liom m'ordóga a chasadh. [I can twiddle my thumbs.]

- Cuireann an Diabhal obair ar fáil do lámha díomhaoine. [The Devil makes work for idle hands.]

Céim chun tosaigh? Céard atá i ndán do Manaigh anois?

Saturday, July 2, 2011

Triúr a bhíonn faicheallach ...


... le go mbeidh dul as acu má bhréagnaítear iad:


... go gclos dom. [... from what I hear.]

... go bhfios dom. [... as far as I know.]

... go gcuimhin liom. [... from what I remember.]

Friday, July 1, 2011

communication



- We have two eyes, two ears and two feet.

- But we have no hands!

- You can talk without your hands. We're not Italians!

Tríar Manach