Friday, June 29, 2012

An now, Cherokee!



Sequoyah, an fear a chum córas scríofa na Seiricise

Tá áthas an domhain ar na Manaigh inniu! Fuair siad rud a bhí uathu le tamall fada, aistriúchán Seiricise dá scéilín, a bhuí le Durbin Feeling, cainteoir dúchais agus teangeolaí.

Ní aibítir é an rud a chum Sequoyah, ach syllabary(focal nach bhfuil agam i nGaeilge). Seasann gach siombail do shiolla iomlán.  Mar shampla, is ionann ᎠᏂᏦᎢ, an chéad fhocal thíos, agus “anitsoi”, focal a bhfuil ceithre shiolla ann.

ᎠᏂᏦᎢ ᎠᏂᎼᏂᎩ ᎤᏅᏕᏤ ᎡᎶᎯ
ᎢᎾᎨ ᏗᎨᏒ ᏭᏂᎶᏎ ᎨᎫᏢᏁᏗ ᎤᏂᏍᎦᏅᏨᎢ ᎤᏁᎳᏅᎯ ᏧᏬᎸ ᎢᎬᏱᏗᎸ
Ꮭ ᏱᏚᎾᏟᏃᎮᎴ ᏑᏕᏘᏴᏓ ᎢᎪᎯᏓ
ᏩᎵᏍᏆᏗᏍᎬᏃ ᎤᏕᏘᏴᏌᏗᏒ, ᏌᏊ [ᎼᏂᎩ] ᎤᏁᏤ ᎠᎴ ᎯᎠ ᏄᏪᏎ, “ᎣᏍᏓ ᏂᏓᏛᏁᎭ.”
ᏃᏊᎴ ᏑᏕᏘᏴᏓ ᎢᎤᎶᏎ ᎤᏠᏱᏊ
“ᎤᏙᎯᏳᏛ [ᎣᏍᏓ ᏂᏓᏛᏁᎭ],” ᎤᏛᏁ Ꮎ Ꮠ ᎠᏍᎦᏯ
ᎠᎴ ᏏᏊ ᏑᏕᏘᏴᏓ ᎢᎤᎶᏎᎢ
“ᏥᏁᎢᏍᏗᎭ ᎬᏗ ᎦᏚ ᎠᏆᎿᏬᏍᏗ,” ᎤᏛᏁ ᎾᏍᎩ ᏦᎢᏁ ᎠᏍᎦᏯ, “ᎢᏳᏃ ᎡᏝᏪ ᏂᎨᏒᎾ ᎢᎨᏎᏍᏗ ᏍᏗᏔᎵ ᏙᏓᏍᏛᏯᎧᎯᏱ ᎠᎭᏂ ᎢᎾᎨᎢ.”

ᎠᏂᏦᎢ - three of them
ᎠᏂᎼᏂᎩ - monks
ᎤᏅᏕᏤ - they abandoned
ᎡᎶᎯ - world
ᎢᎾᎨ - [into] wilderness
ᏭᏂᎶᏎ - they went
ᎨᎫᏢᏁᏗ - atoned
ᎤᏂᏍᎦᏅᏨᎢ - their sins
ᎤᏁᎳᏅᎯ - God
ᏧᏬᎸ - where he sits
ᎢᎬᏱᏗᎸ - before (in front of)
Ꮭ - no, not
ᏱᏚᎾᏟᏃᎮᎴ - they did not speak to one another
ᏑᏕᏘᏴᏓ - one year
ᎢᎪᎯᏓ - length of time
ᏩᎵᏍᏆᏗᏍᎬᏃ - at the end of it
ᎤᏕᏘᏴᏌᏗᏒ - as the year was going by
ᏌᏊ - one
[ᎼᏂᎩ] – Monk
ᎤᏁᏤ - he spoke up
ᎯᎠ - this
ᏄᏪᏎ - said
ᎣᏍᏓ - good
ᏂᏓᏛᏁᎭ - we are doing
ᏃᏊᎴ - and now (and again)
ᎢᎤᎶᏎ - it came by
ᎤᏠᏱᏊ - just the same
ᎤᏙᎯᏳᏛ - very, really
ᎤᏛᏁ - he said
Ꮎ - the
Ꮠ - other
ᎠᏍᎦᏯ - man
ᎠᎴ - and
ᏏᏊ - again
ᎢᎤᎶᏎᎢ - it came by
ᏥᏁᎢᏍᏗᎭ - I swear
ᎬᏗ - with
ᎦᏚ ᎠᏆᎿᏬᏍᏗ - smock (outer garment)
ᎾᏍᎩ - the
ᏦᎢᏁ - third
ᎢᏳᏃ - if
ᎡᏝᏪ - quiet
ᏂᎨᏒᎾ - negative “to be”
ᎢᎨᏎᏍᏗ - if it is going to be
ᏍᏗᏔᎵ - you two
ᏓᏍᏛᏯᎧᎯᏱ - I am going to leave you two
ᎠᎭᏂ - here
ᎢᎾᎨ - [in the] wilderness

Durbin Feeling, an fear a d’aistrigh an scéilín

Friday, May 18, 2012

walking on water?



cliceáil le méadú

Is cosúil go raibh ar an Triúr Manach abhainn a thrasnú, ar áth nó ar éigin, agus iad ar a mbealach isteach san fhásach, más fíor don phictiúr seo i lámhscríbhinn Jaineach ó Ghujarat. Dála an scéil, má tá cara ag duine ar bith amuigh ansin a bhfuil Gujaraitis aige/aici, ba bhreá leis na Manaigh leagan dá scéilín a fháil sa teanga sin. Tá sé ar fáil i Hindis anseo, agus ní dóigh leo go mbeadh sé ró-dheacair an leagan sin a thiontú go Gujaraitis.

Thursday, March 29, 2012

an díthreabh ar chúl éaga


An Triúr Manach en extase tar éis dóibh an áit cheart a aimsiú dóibh féin:


- Seo é! An gort gortach!

- An fásach gan fás!

- An bhinn nach binn!

Tuesday, March 27, 2012

in a single Sanskrit word



Céard a rinne an Triúr Manach i dtús báire? Ní hansa:

do·rat díultad dont ṡaegul
thug siad diúltú don saol

Is cosúil nach bhfuil ach focal amháin ag teastáil leis an méid seo uilig a rá i Sanscrait: an briathar viraj. De réir an Practical Sanskrit-English Dictionary le V. S. Apte, ciallaíonn sé “to become disgusted with the world and hence to renounce all wordly attachments”.

Seo againn é sa tríú pearsa iolra den aimsir chaite:

avirajyanta
अविरज्यन्त
d'éirigh siad bréan den saol agus d'éirigh siad as

Wednesday, February 22, 2012

When there are three, one of them must always be a fool.


“Wo drei sind, muss immer ein Narr unter ihnen seyn.”

Sprüchwörterbuch (1830) le Georg von Graal

Nuair a bhíonn triúr ann, bíonn duine acu ina amadán.

liotagraf le Marcel Marceau

Is cosúil go raibh an seanfhocal seo ag na Gearmánaigh i bhfad roimh Herr von Graal, áfach. D'fhoilsigh Heinrich Bebel leagan de i Laidin inProverbia Germanica sa bhliain 1508. Féach an chéad líne thíos, i mbuí:

Dá mbeadh triúr ina gcompanaigh, chreidfeadh beirt acu go raibh an duine eile ina amadán.


Níl a fhios agam an bhfuil seanfhocal mar seo le fáil i dteanga ar bith eile. Níl a fhios agam ach oiread cé chomh fada a bhí an ceann seo ag na Gearmánaigh. Ach chuir sé scéilín an Triúr Manach i gcuimhne dom ar an toirt!

Tríar Manach