Wednesday, June 29, 2011

The Monks discuss wisdom.


Cliceáil le méadú.


Manach a haon: Is fearr eagna

Manach a dó: ... ná maoin.

Manach a trí: Eagna agus oidhreacht le chéile, is maith an ní é sin.

Tá an chéad ráiteas, “Ferr ecnae n-anaib” (nó “Is fearr eagna ná maoin”) le fáil sa chnuasach “Bríathra Flainn Fhína maic Ossu”. Tagann freagra an tríú duine ó Chóheilit 7:11 sa Bhíobla:טובה חכמה עם־נחלה, freagra atá níos gonta san Eabhrais ná mar atá sé sa Ghaeilge. Is ionann “oidhreacht” agus maoin a thiteann ar dhuine. I bhfocail eile, níl eagna leis féin chomh maith le heagna in éineacht le hairgead, mar “tá cosaint na heagna cosúil le cosaint an airgid”.

No comments:

Post a Comment

Tríar Manach